VENUE/Áit: An Lab

DATE/Dáta: 28th April

PRICE: €8

TIME : 17.00pm

 Poets – Nuala Ni Dhomhnaill, Brid Ni Mhorain, Aifric Mac Aodha

Fíochán Filí – Faoin tSraith – Is sraith de sé léamhanna filíochta í ‘Fíochán Filí’ atá á eagrú ag An Lab, ionad ealaíne na Gaeilge sa Daingean, Co. Chiarraí. Saghas clár malartaithe is ea í mar cheiliúradh ar thraidisiún sean-bhunaithe Gaeltachta na filíochta agus ar fhás thraidisiún nuálach cathrach na Gaeilge. Ceiliúradh is ea é go háirithe ar thraidisiúin na filíochta Gaeilge i gCorca Dhuibhne, agus a thionchar ar nua-fhilíochta na teanga ó Shéan O? Riordáin agus Máire Mhac an tSaoi tré fhilí réabhlóideacha Innti go tús an 21ú aoise, traáth a bhfuil níos mó filií aitheanta Gaeilge sa limistéar beag tuaithe seo ná in aon cheantar eile seachas Baile Átha Cliath.
Beidh na léamhanna leata amach thar 2017 ó Feabhra go Samhain. Tabharfaidh gach ceann den 6 ócáid filií Chorca Dhuibhne le chéile i dteannta filí cathracha i mBaile Átha Cliath, An Ghaillimh nó Corcaigh in aon mhórléamh amháin. Beidh trí chinn de na léamhanna sna cathracha thuasluaite agus trí chinn eile in Ionad An Lab sa Daingean agus iad scoite amach thar 2017.
 
 
Please follow and like us:

Related Posts