VENUE/Áit: An Diseart

DATE/Dáta: 04.05.2018

TIME/Am: 2.30 i.n.

PRICE: Saor Cead isteach/ Free Entry

 

Tuilleadh eolais:

Léachtaí Cholm Cille

 

Léachtaí Cholm Cille XLVIII: An Moinsíneoir Pádraig Ó Fiannachta: Saol agus Saothar

Seolta ag : Pádraig Feirtéar

I nDíseart an Daingin a reáchtáladh léachtaí na bliana seo caite, agus duine de mhórscoláirí na Gaeilge, An Moinsíneoir Pádraig Ó Fiannachta, á cheiliúradh agus á chomóradh iontu. Tugtar san eagrán seo, leagan clóite na gcainteanna úd a tugadh anuraidh, agus aithris iontu ar chuid de na mór-éachtaí a d’éirigh leis a chur i gcrích in imeacht a shaoil, mar aon le cur síos ar a óige, idir a luath-óige sa Pheaideac agus a bhlianta luatha i Maigh Nuad. Deich gcaint ar fad a tugadh anuraidh, ach naoi n-aiste móide caint thras-scríofa atá ar fáil san eagrán seo, toisc go ndeachaigh duine de na cainteoirí, Domhnall Mac Síthigh (Danny Sheehy), ar shlí na fírinne ar an 9ú lá de mhí an Mheithimh 2017. Is í an Dr Tracey Ní Mhaonaigh, Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, eagarthóir an téacs, agus duine dá cuid mac léinn dochtúireachta, Amy Mitchell, ina eagarthóir cúnta.
Please follow and like us:

Related Posts