Feile na Bealtaine 2025
Feile na Bealtaine 2025

Déardaoin 1 Bealtaine - Dé Luain 5 Bealtaine 2025
Thursday 1st May - Monday 5th May 2025

Féile na Bealtaine 2025

1st – 5th May 2025

Tá tinte na Bealtaine á lasadh againn arís, agus sinn ag iompú i dtreo an tsolais, ag oscailt ár gcroíthe, ár n-aigní, ár gcoirp ar son na n-ealaíon agus dá chéile. These are 5 days of miracle and wonder: let’s open up to the unknown, the unexpected and the unintentional!

As usual we have more events than we can properly describe or control. It’s an outpouring of our community’s need to create and celebrate, to let loose and live. Please take the opportunity to try something new, tapaigh an deis chun éalú ó ghnáthimeachtaí an tsaoil.

Féile na Bealtaine continues to renew, and we are really grateful to our newer younger volunteers this year who have begun to put their own imprint on the festival. We are as ever grateful to the openness of all the businesses, schools, voluntary groups and individuals who welcome us in, and help keep this show on the road.

Táimid 30 bliain ar an bhfód anois agus níl deireadh ráite againn go fóill – ná baol orainn.

Welcome to the Féile na Bealtaine 2025 audience feedback survey!
/ Fáilte go dtí suirbhé aiseolais Fhéile na Bealtaine 2025! Gabhaim buíochas leat as do chuid ama.

Local Link Bus Service / Séirbhís Bus

Local Link Kerry: TFI

In our programming we are trying to make Féile sympathetic to our fragile environment – please car share if you can, and use our excellent local link bus service to get around, it is also a wonderful way to see the stunning peninsula. Seo leat!

An Ghaeltacht agus an Ghaeilge

Is Gaeltacht ghalánta í Corca Dhuibhne!  Cuirfear an-chuid imeachtaí ar siúl trí mheán na Gaeilge, lena n-áirítear filíocht, coiméide, drámaíocht agus ceol sa leithinis. Cloisfear an Ghaeilge ar na sráideanna, sna gigeanna agus í ag sní tríd na stáitsí idir chuileachtan, chogarnaíl agus chanadh. Bígí linn agus bainfeam úsáid as ár gcúpla focal nó ár gcéadta míle focal! Scaipfeam an grá don dteanga, dár n-oidhreacht agus dár gcultúr féin! Is cúis áthais dúinn bheith bródúil agus mórtasach as an tseoid luachmhar atá againn, a chairde ealaíonta! Ár ngrá go Daingean agus go Corca Dhuibhne sibh! Scaoil amach í!

Feile na Bealtaine Parade

Parade / An Mhórshiúl

Féile na Bealtaine Parade of Street Theatre returns to the streets of Dingle this year celebrating the rise of our beloved Phoenix Cinema.

Bígí ullamh chun déantóirí scannán, díoltóirí grán rósta, ticéid agus carachtair ó na scannáin is fearr linn a fheiscint ar shráideanna an Daingin.
Geallaimid ócáid a bheidh lán de cheol, de gháire agus d’eachtraíochta do dhaoine óga agus do dhaoine fásta araon.
Buíochas ó chroí le Sheila Kelleher, ár stiúrthóir ealaíne ón mbliain 1993 i leith. Gabhaimid buíochas chomh maith leis na scoileanna go léir, ár n-ealaíontóirí áitiúla agus an meitheal mór daoine a tháinig le chéile chun an ócáid speisialta seo a chruthú.

What's On Imeachtaí

Music / Ceol

Literature / Litríocht

Fringe Events / Imeall