Home Mon 6th May Drama. Dance.Film / Amharclann. Damhsa. Scannán Aisteóirí Aisteacha Dramaí na nóg le Micheál Ó Cinnéide

Aisteóirí Aisteacha Dramaí na nóg le Micheál Ó Cinnéide

Gaeilge G
May 06 2024

Monday / Dé Luain

12:00 pm - 1:00 pm

Venue / Áit

Halla na Feothanaí
Moorestown, County Kerry, V92 X0FP, Ireland
Free / Saor in aisce

Árdaigh na seolta agus tagaigí linn ar bhord, seo an chéad taispeántas a bheidh á reachtáil ag “Aisteoirí Aisteacha”, grúpa d’aisteoirí óga áitiúla atá ag cruthú drámaí bunaithe ar an téama ‘taisteal’ le taispeáint ag Féile na Bealtaine 2024. Bunaíodh “Aisteoirí Aisteacha” i mbliana faoi stiúr Michael Ó Cinnéide le tacaíocht ó Thobar Dhuibhne, Ealaín na Gaeltachta, an Scéim Cuisle agus Údarás na Gaeltachta le drámaíocht a chruthú agus a léiriú trí mheán na Gaeilge, anseo ar an leithinis. Tá borradh faoi dhrámaíocht na n-óg sa cheantar agus tá na h-aisteoirí ag súil leis an lucht féachana a thabhairt ar aistear trí iontaisí agus eachtraí agus iad ag dul ó dhráma go dráma, ó bhád go heithléan, ón domhan go dtí an spás agus ar ais arís! Lonnaithe i Halla na Feothanaí, beidh eispéireas nua agus éagsúil ag an lucht féachana agus iad ag teacht ar thaispeántaisí agus drámaí sna spásanna éagsúla. Bíodh do mhála pacáilte agus ná dein dearmad ar an scuab fiacal!