Home Events - Feile na Bealtaine Music / Ceol Dúchas agus Dóchas – The hidden Gaelic song heritage of Co. Clare over past 350 years

Dúchas agus Dóchas – The hidden Gaelic song heritage of Co. Clare over past 350 years

Gaeilge G
May 04 2024

Saturday / Dé Sathairn

6:30 pm

Venue / Áit

Ionad an Bhlascaoid /The Blasket Centre
Ballynaraha North, Dunquin, Co. Kerry, V92 TH73
€15.00

vimeo.com/user7425281/
Dúchas is Dóchas on Clare FM, bilingual

https://soundcloud.com/clarefm/sets/duchas-is-dochas

‘Dúchas agus Dóchas’ is the rediscovery and revival of a vast and unbroken oral tradition in Clare, from big sean-nós songs to hilarious local narratives and present day compositions.
Join Diarmuid de Faoite and four of the brilliant singer/musicians of the Dúchas agus Dóchas touring collective to celebrate this 350 year journey through the hidden Gaelic song heritage of an Irish county in story, song, music and craic. We hope Dúchas agus Dóchas will inspire communities throughout the country to rediscover and reimagine their native song heritage.
Beatha Teanga í a Labhairt, Beatha Amhrán é a Rá! Ó Oidhreacht na bhFilí, tré thréimhsí corraitheacha polaitiúla is imirce anuas go dtí athbheochan ceolmhar an lae inniú, tugann ‘Dúchas agus Dóchas’ ar thuras ceolmhar muid tré 350 bliain d’oidhreacht chultúrtha an Chláir. Seo chugaibh Gáir an Chláir, ós ard, le misneach agus le croí!

Members of the Dúchas agus Dóchas touring collective include

Diarmuid de Faoite, Nuala Kennedy, Edel Vaughan, Emer O Flaherty,
Philip Fogarty, Therese Mc Inerney and Gráinne Cotter.
Special guests depending on venue include Tim Dennehy, Ciarán Ó
Gealbháin, Aindrias de Staic, Cadhla Brock, Síofra Ní Éilí Duggan, Félim
Ó Coileáin, Conn Ó Muineacháin.

Dúchas agus Dóchas is not only a research project, it is, more importantly, a meitheal and a growing community of hope and celebration of the extraordinary song heritage bequeathed to us. It recognises the bards, those who kept the flame alive against the odds and celebrates our present day composers, proud communicators in vibrant, resonant, native voice of sean-nós and nua-nós!
No longer the whipping boys, Dúchas agus Dóchas is the Banner Roar in song!
Ní inniu ná inné a thosaigh muintir an Chláir ag ceol agus cáil ar an gcontae dá réir ach in ainneoin na cáile sin agus cé gur mhinic fonn ceoil a bheith orainn, is beag amhrán i
nGaeilge a chloistí. Cé gur coinníodh an ceol agus cuireadh leis an stór sin, cailleadh an teanga go tubaisteach agus chailleamar ár nglór ar aon, go dtí nach raibh fágtha againn ach Beidh Aonach Amárach… Nó b’shin an chosúlacht a bhí ar an scéal! Tá os cionn 130 amhrán aimsithe, idir shean agus nua, agus tá an figiúr sin ag dul i méid i gcónaí; tá seoda ar fáil ar fud an chontae! An grá, an pholaitíocht, an briseadh croí, an greann an iomáint is an pheil: cur síos ní hamháin ar stair an chontae ach ar mhianta agus ar mhodhanna an duine agus na pobail as ar fáisceadh muid. Tá muid dóchasach go spreagfaidh na hamhráin agus na scéalta a bhaineann leo misneach i measc amhránaithe, pobail agus paróistí éagsúla na tíre.
Bímís ag ceol!


Breis Eolais / More Info:
Diarmuid, POC productions 0868139289 / [email protected]
Therese McInerney PRO [email protected]