Pobal Fungie

Gaeilge G
  • Sub Heading: Tourist Office Hours - Closed on Sunday
May 06 - 11 2024

Monday / Dé Luain - Saturday / Dé Sathairn

9:00 am - 5:00 pm

Venue / Áit

Dingle Tourist Office
Strand Street, Dingle
Free / Saor in aisce

Exhibition of Photographs from Dingle le Seán O Mainnín.

Chaith Seán Ó Mainnín mórchuid ama ag glacadh pictiúr i mBéal Chuan an Daingin idir na blianta 1988 agus 1992 agus, fearacht na mílte cuairteoir eile, é faoi dhraíocht
ag groíúlacht na deilfe Fungie. Is ón tréimhse seo a thagann a leabhar, Ireland’s Friendly Dolphin.
Bhain an mamach uasal seo stádas laoich amach de bharr an chaidrimh a chothaigh sé agus a chuid geáitsíochta, ar nós gur léim sé díreach ó scéal Fiannaíochta nó Ruraíochta. “Setanta na Farraige” a ghlaoití ar an n-garda seo a choinnigh súil ar an gcuan.
Ní hamháin gur chruthaigh Fungie cairde agus lucht leanúna i bhfad is i ngar ach rinne sé muintearas le pobal ar leith timpeall air féin: na bádóirí a d’iompar paisinéirí chomh fada leis ar feadh beagnach dhá scór bliain.
Sa taispeántas seo “Pobal Fungie” caitear súil siar ar Fungie agus a chairde ó na blianta 1988-1992. Tréimhse agus scéal nach mbeidh a leithéid arís ann. Is saolghrianghrafadóir é Seán Ó Mainnín atá lonnaithe i gConamara. Foilsíonn an nuachtán Gaeilge Tuairisc.ie a chuid pictiúr go rialta. Ba iriseoir é Seán leis an nuachtán náisiúnta Scéala Éireann.