Home Events - Feile na Bealtaine Literature / Litríocht Filíocht le Áine Uí Fhoghlú & Ailbhe Ní Ghearbhuigh le Helen Ní Shé

Filíocht le Áine Uí Fhoghlú & Ailbhe Ní Ghearbhuigh le Helen Ní Shé

Apr 28 2023
Expired!

Friday / Dé hAoine

4:00 pm - 5:00 pm

Venue / Áit

Ionad an Bhlascaoid /The Blasket Centre
Ballynaraha North, Dunquin, Co. Kerry, V92 TH73

Is as Gaeltacht na Rinne i gCo. Phort Láirge í Áine Uí Fhoghlú agus tá ceithre chnuasach filíochta foilsithe aici, an cnuasach is déanaí uaithi ná ‘Mná dár mhair’ (Coiscéim 2022). Chomh maith leis an bhfilíocht, scríobhann sí scéalta ficsin do dhaoine fásta agus do dhéagóirí. Ar na gradaim atá bronnta uirthi, tá Gradam filíochta Michael Hartnett, Comhaltacht Patrick Kavanagh, Sparánachtaí ón gComhairle Ealaíon agus duaiseanna liteartha in Oireachtas na Gaeilge.

 

Áine Uí Fhoghlú is a poet who comes from the Co. Waterford Gaeltacht of An Rinn. She has published four collections of poetry, the most recent being ‘Mná dár mhair’ (Coiscéim, 2022). She also writes fiction for adults and teenagers. Among the awards she has received are the Michael Hartnett Poetry Award, the Patrick Kavanagh Fellowship, a number of Bursaries from The Arts Council and literary prizes from Oireachtas na Gaeilge.

File í Ailbhe Ní Ghearbhuigh as Trá Lí i gCo. Chiarraí. Tá trí bhunchnuasaigh foilsithe aici i nGaeilge ó 2008. Ghnóthaigh Tost agus Allagar Duais Uí hAirtnéide in 2019. Bronnadh Duais Lawrence O’Shaughnessy ar The Coast Road in 2020. D’fhoilsigh Éabhlóid cnuasach úr Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile anuraidh.

Ailbhe Ní Ghearbhuigh is an Irish-language poet from Tralee, Co. Kerry. She has published three collections in Irish since 2008. Tost agus Allagar won the Michael Hartnett Award in 2019 and a bilingual collection, The Coast Road, was awarded the Lawrence O’Shaughnessy Prize in 2020. Éabhlóid published Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile last year.