GaelGÁIRÍ coiméide

Apr 29 2023
Expired!

Saturday / Dé Sathairn

9:00 pm

Venue / Áit

McCarthy's Bar
€10.00
Sold out!

Is é GaelGÁIRÍ an t-aon chlub grinn Gaeilge. Eagraíonn siad oícheannta rialta grinn i gClub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Buíochas do Thobar Dhuibhne as an gig seo a mhaoiniú.

Bunaíodh GaelGHÁIRÍ i mí Nollag 2013, agus tá an club tar éis camchuairt a dhéanamh timpeall na hÉireann cheana féin. Bhí os cionn tríocha fuirseoir ar an stáitse go dtí seo agus tá seónna déanta acu i gCorcaigh, Ciarraí agus Laois.

Beidh tábhairne Mhic Cárthaigh lán le gáire, Gaeilge agus geáitse ar stáitse! Fáilte mhór romhat! Seo leat!