Home Events - Feile na Bealtaine Kids Events / Leanaí Inis Mara, Ceardlann idirghníomhach cúrsaí athrú aeráide le Tristan Rosenstock

Inis Mara, Ceardlann idirghníomhach cúrsaí athrú aeráide le Tristan Rosenstock

Gaeilge G
May 05 2024

Sunday / Domhnach

11:00 am - 12:00 pm

Venue / Áit

Dingle Bookshop
Free / Saor in aisce

Craoltóir, ceoltóir, údar agus eagarthóir is ea Tristan Rosenstock. Cuireann sé an clár ealaíon An Cúinne Dána i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Ón mbliain 2017 i leith tá sé ina eagarthóir liteartha ar an iris Comhar. Tá an domhan siúlta aige i dteannta an ghrúpa Téada.

 Tristan Rosenstock is a writer, editor, broadcaster and musician. He presents the arts series An Cúinne Dána on RTÉ Raidió na Gaeltachta and is literary editor of the monthly magazine Comhar. He has performed all over the world with traditional group Téada.

 Inis Mara

Scéal comhaimseartha eachtraíochta atá anseo a bhaineann le cúrsaí athrú aeráide, leis an tábhacht a bhaineann le bheith ag comhoibriú le daoine eile, agus le tábhacht na fírinne.

Bainfidh léitheoirí óga agus aosta taitneamh agus tairbhe as eachtraí Éabha agus í ag iarraidh a pobal a thabhairt slán ón gceannaire cam atá ag milleadh an oileáin. Agus meabhraíonn an scéal dúinn arís is arís eile gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.

Beidh Tristan Rosenstock ag léamh ón leabhar agus ag plé mórthéamaí an leabhair le léitheoirí óga sa cheardlann idirghníomhach seo. Feiliúnach do léitheoirí idir 8 – 14.

This Irish-language event features author Tristan Rosenstock reading from his new book Inis Mara and discussing the main themes with young readers, from the climate crisis to the importance of working together as a community. This interactive workshop is suitable for readers aged 8 – 14.

Headshot Tristan 2022