Home Events - Feile na Bealtaine Literature / Litríocht Léacht leis an Dr. Padraig Ó Healaí

Léacht leis an Dr. Padraig Ó Healaí

Gaeilge G
May 01 2025

Thursday / Déardaoin

4:30 pm

Venue / Áit

Dingle Garden Townhouse
Goat Street, Dingle
€10.00

Pádraig Ó Héalaí: Iar-Léachtóir Sinsearach le Béaloideas in Ollscoil na Gaillimhe. Béaloideas na tíre seo a shainréimse léinn. Tá mórán foilsithe aige ar ghnéithe éagsúla den ábhar agus chaith sé tréimhse ina eagarthóir ar Béaloideas – Iris a d’fhoilsigh an Cumann le Béaloideas Éireann 1980-1995.

Is iad Snátha den Seansaol -Strands of Traditional Life (2022) agus Bréanainn: an Naomh, an Cnoc, an Fhilíocht (2024) na foilseacháin is déanaí dá chuid.

Dul ar an bhFleet agus póstaí neamhrialta eile.

Níor rud neamhghnách é pósadh neamhrialta nó pósadh rúnda a tharlúint (irregular or clandestine marriage). Bhí cúiseanna ar leith gur leanadh ar aghaidh le póstaí den sórt sin in Éirinn, agus tabharfar léargas sa léacht seo ar na nósanna agus an cúlra a bhain leo, mar aon le fianaise an bhéaloidis ina dtaobh.