Home Events - Feile na Bealtaine Art / Ealaín (Free/Saor in aisce) Múrphictiúirí agus Teaċ Daṁsa – Dómhnal Ó Bric, Úna Ní Shé agus Áine Ní Chíobháin
- Apr 30 2026
Thursday / Déardaoin
Venue / Áit
- Teac Damsa
- Glashabeg, Boherboy, County Kerry, Ireland
Beidh an saothar idir láimhe agus cur síos ar an bpróiséis le feiscint ag Teaċ Daṁsa i rith na Féile.
Tá saothar ealaíne a bhaineann le healaíontóirí ag dul i gcomhar le rinceoirí ag dul i bhfad siar. Tá leithéidí Degas agus Toulouse Loutrec agus fiú ealaíon in uaimheanna ag dul siar na mílte bliain mar shamplaí den nasc sin.
Tá Dómhnal Ó Bric, Úna Ní Shé agus Áine Ní Chíobháin i mbun saothar ealaíne nua a chruthú ag Teac Damsa.
Tá na healaíontóirí ag obair ar mhúrphictiúirí, ealaín teicstíle agus ag tarracóireacht.
Tá fáilte romhaibh bualadh isteach chun an próiséas seo a fheiscint.
Buíochas mór le Ealaín na Gaeltachta as a gcuid tacaíochta.
