Paddy Bushe agus Tadhg Ó Dushlaine

Apr 28 2022
Expired!

Thursday / Déardaoin

3:00 pm - 4:00 pm

Venue / Áit

An Café Liteartha

Paddy Bushe:

Rugadh Paddy Bushe i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1948. Fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Mhuire agus i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tar éis cúpla bliain a chaitheamh san Astráil, chuir sé faoi lena bhean is a bheirt chlainne in Uíbh Ráthach i gCiarraí, áit a raibh sé ag múineadh scoile go dtí 1990. Bíonn sé féin agus Fíona, a bhean chéile, gafa go mór le saol cultúrtha an cheantair. Scríobhann sé filíocht i mBéarla agus i nGaeilge, agus bíonn sé ag plé freisin le haistriúchán na filíochta. Tá a chuid filíochta lonnaithe go doimhin i dtaobh tíre Uíbh Ráthaigh — an mhiotaseolaíocht, an stair, an seanchas agus an dúthaigh álainn féin, go háirithe draíocht agus diamhaireacht Sceilg Mhichíl. Tá roinnt mhaith taistil déanta aige ó d’éirigh sé as an mhúinteoireacht, agus tá tionchar an taistil sin le léamh freisin ar a chuid scríbhneoireachta. Is ball d’Aosdána é.

 

 

Tadhg Ó Dushlaine:

Rugadh i gcathair Chorcaí 1951 agus d’fhoghlaim a chuid Gaeilge i gceart nuair a thosnaigh sé ag tarrac ar Bhrú na Gráige i gCorca Dhuibhne agus é ina mhac léinn i gColáiste Bharra Fearann Phiarais. Bhain céim sa Léann Ceilteach amach i Má Nuad 1972  agus MA sa tSean-Ghaeilge 1973. Ceapaithe ina léachtóir le Nua-Ghaeilge i Má Nuad 1976. Ar a phinsean ó 2016 agus ag feidhmiú mar stiúrthóir eatramhach ar an teach foilsitheoireachta An Sagart; ina eagarthóir ar Irisleabhar Mhá Nuad 2017 agus ina bhall de bhord rialaithe An Díseart.

An iliomad aiste foilsithe aige ar ghnéithe éagsúla de litríocht na Gaeilge.

Tá cúig chnuasach filíochta foilsithe aige go dtí seo: Dialann Dánta (1994), Díthreabhach Duibhneach (1996), Bleaist Faoistine (1998), Mallacht Falmaire (2008), Sa Bhaile agus i gCéin (2009).

Duaiseanna buaite aige as a chuid filíochta thar na blianta: Gradam Bhláithín (1996); Féile Filíochta Dhún Laoghaire – Ráth an Dúin (1999 agus 2008); Féile Filíochta Bhéal Átha na mBuillí (2007); Comórtas Filíochta Uí Néill (2009).