Tomás Ó Luing

Apr 28 2023
Expired!

Friday / Dé hAoine

6:00 pm - 7:00 pm

Venue / Áit

Tigh na Cúirte
Sold out!

D’fhás Tomás ó Lúing suas i seacscaidí agus tús na seachtóidí an chéid atá imithe tharainn. San am san, bhí clabhsúr ag teacht ar bhóthántaíocht agus ar shaol ná raibh mórán athrú tagaithe air le blianta i gcomhthéasc scéalta agus scealaíochta. Bhí an tádh dearg air, dar leis féin, go b’fhuair sé blaise den Oidhreacht seo sa bhaile agus sa chomhsanacht. Sa chaint seo tugann sé éachtaint ar an saol seo agus an saol a tháinig ina dhiaidh. Gan dabht beidh scéal nú dhó á insint aige taréis na cainte.